Gráinne Holland, from Belfast is a fresh talent in the Irish traditional music circuit with amazing vocal strength and beauty. A pioneer in forging new territory for Gaelic song, Gráinne’s exquisite lyrical charms breathe new life into the Gaelic verses of old.
Gráinne’s love of Irish music and song began at an early age. A product of the Irish language revival in the North of Ireland, she was raised in both Gaelic and English and she attended the first Irish-medium school in Belfast. It was here that her love of traditional song was fostered.
Already a rising star of the Irish folk scene, Gráinne released her debut album ‘Teanga na nGael' in 2011 to great critical acclaim. Produced by renowned musician Dónal O’Connor (At First Light), the ground breaking album has launched a career that is sure to progress and excite the Gaelic song tradition.
A regular festival performer, Gráinne has impressed audiences at many of Europe’s premier Irish music events and venues. Experience a sweet yet powerful and distinctive voice that is equally comfortable with the lively ballad and the haunting slow air.
Is as iarthar Bhéal Feirste ó dhúchas do Ghráinne Holland agus tá sí ar dhuine de na hamhránaithe is úire atá i ndiaidh teacht chun cinn i saol an cheoil traidisiúnta Ghaelaí. Tá guth láidir álainn aici agus is ceannródaí í atá ag cur na amhránaíochta Gaeilge os comhair lucht éisteachta nua agus ag athneartú agus ag athnuachan sean amhrán na nGael.
Thit Gráinne i ngrá leis an cheol agus leis an amhránaíocht agus í ina girseach óg. Tógadh le Gaeilge agus le Béarla í agus d'fhreastail sí ar an chéad Ghaelscoil i mBéal Feirste, Bunscoil Phobail Feirste áit ar cothaíodh grá inti do na hamhráin traidisiúnta Ghaeilge.
Bhí a réalta ag ardú i saol an cheoil traidisiúnta Ghaelaí nuair a d'eisigh Gráinne a céad albam 'Teanga na nGael' sa bhliain 2011. Ba é an ceoltóir iomráiteach Dónal O'Connor ón bhanna ceoil ‘At First Light’ a léirigh an t-albam nua. Le seoladh an albaim chuaigh Gráinne i gceann slí bheatha sa cheol atá ag dul ó neart go neart agus ag dul i bhfeidhm go mór ar thraidisiún amhránaíochta na Gaeilge.
Bíonn Gráinne ag ceol go rialta ag féilte ar fud na hEorpa. Chuaigh sí i gcion go mór ar an lucht féachana ag cuid de phríomhfhéilte ceoil traidisiúnta agus de phríomhionaid cheoil na hEorpa. Guth cumhachtach, cneasta, éagsúil atá ag Gráinne agus í chomh compordach céanna i mbun bailéad agus atá sí i mbun fonn mall a lonnaíonn ar na cluasa.